Skip to main content

Commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11th January 2024

As part of our Public Awareness Programme, we wish to advise of the commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11thJanuary 2024.  For more information please click this link

Bulclasta & Ualaí Neamhghnácha

Tá na scileanna agus an cruinneas iomchuí ag lucht Europort Ros Láir déileáil le bulclasta. Déileáiltear le tuirbíní gaoithe, lomáin agus leasachán talmhaíochta ar bhonn rialta, agus le gineadóirí, cruach agus aonaid eile ard, leathan agus trom. Anuas ar limistéir lódála agus scaoilte, is féidir le Europort Ros Láir limistéir stórála éifeachtúla fairsinge a chur ar fáil le haghaidh cóimeála lasta briste builc.

Agus réimse leathan roghanna bearta againn ar fud an chalafoirt, rud a thugann solúbthacht maidir le méid soithí cairtfhostaithe, tá ár gcalafort lonnaithe go straitéiseach le haghaidh tionscadail bhonneagair amach anseo.  

Ualaí Neamhghnácha

Tá srianta i bhfeidhm i gCalafort Ros Láir maidir le méid soithí loingseoireachta.

  • Airde is mó ‐ 4.8m
  • Leithead is mó ‐ 3m
  • Fad is mó ‐ 18.75m
  • Meáchan is mó ‐ 50 tona

De ghnáth, is féidir le Europort Ros Láir glacadh le hualaí níos mó ná sin ach cead a fháil roimh ré. Oibritheoirí lasta a dteastaíonn uathu ualaí neamhghnácha a iompar trí Europort Ros Láir, ba cheart dóibh sonraí a thabhairt dá n-oibritheoirí farantóireachta maidir lena nualaí neamhghnácha roimh theacht chun calafoirt.

Cabhróidh oibritheoirí farantóireachta deimhniú a dhéanamh maidir le cibé an féidir an tualach a loingsiú agus lorgófar cead ón gCalafoirt chun an t-ualach neamhghnách a ligeann isteach ann.

Ba bhreá linn do riachtanais ghnó a phlé leat agus réiteach saincheaptha a chur i bhfeidhm chun freastal a dhéanamh ort. Déan teagmháil lenár mBainisteoir Tráchtála chun plé a dhéanamh ar na bealaí is féidir linn cabhrú le do ghnó, anois agus amach anseo