Skip to main content

Rosslare Europort Access Road Works

The approach road to Rosslare Europort will have a stop/go system in place for six weeks from Monday 13th May 2024. See our News section for more information

Eolas maidir le Europort Ros Láir

Céad míle fáilte!

Fáilte chuig Europort Ros Láir. Tá Europort Ros Láir ar ceann de na calafoirt is tábhachtaí in Éirinn agus is é an tairseach chun na hEorpa é le haghaidh an tionscail lasta agus an tionscail turasóireachta. Tá sé lonnaithe ar chósta grianmhar oirdheisceart na hÉireann, áit a bhfuil 2.9 milliún duine ina gcónaí laistigh de 90 nóiméad ó chathracha móra amhail Baile Átha Cliath, Corcaigh agus Luimneach.

Is calafort RóRó, RóRó Paisinéirí, amach ón gcósta agus bulclasta é Europort Ros Láir ina bhfuil 3 bheart RóRó agus nascdhroichead dhá shraith chomh maith le beart tiomnaithe bulclasta amach ón gcósta. I measc na n-earraí easpórtála a théann amach ó Ros Láir tá táirgí úra, bia, cógaisíocht, cruach, adhmad agus soláthairtí tógála go príomha. Is earraí tomhaltóirí go príomha iad na hearraí iompórtála, amhail éadaí, troscán, bia, feithiclí trádála agus earraí leictreonacha.

Is é an bua is mó atá againn in Europort Ros Láir ná an réimse leathan seirbhísí agus bealaí a chuirimid ar fáil. Tá scuabadh barra déanta ar an Europort go doimhin 7.2 méadar, rud a thugann rochtain neamhshrianta do shoithí le tarraingt suas go 6.5 méadar. Cuireann Europort Ros Láir seirbhís chuimsitheach ar fáil freisin lena n-áirítear múráil, stíbheadóireacht agus gluaisteáin le paisinéirí a sheiceáil isteach le haghaidh línte loingseoireachta RóRó. Cuirtear saoráidí ar fáil freisin le haghaidh lasta amach ón gcósta, bulclasta agus lasta ginearálta. Faoi láthair, soláthraímid seirbhís fillte chuig an Ríocht Aontaithe faoi dhó gach lá agus seirbhísí díreacha chuig mór-roinn na hEorpa gach lá freisin.

Táimid ar oscailt 365 lá sa bhliain óna  24 uair lá chun freastal ar riachtanais reatha ár gcustaiméirí ach is féidir linn oscailt taobh amuigh de na huaireanta sin ach é a shocrú roimh ré. Tá cumas cruthaithe ó thaobh roll-leantóirí againn. Tá flít de sheirbhísí Tugmaster, forcardaitheora, tarracóirí agus trealamh eile láimhseála chun freastal ar lasta RóRó neamhchaighdeánach.

Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn agus pléimid leat na bealaí inar féidir linn cabhrú leat. Táimid ag súil go mór le fáilte a chur romhat chuig Europort Ros Láir.

Bainistíocht Europort Ros Láir

Info graphic

Na 3 Chalafort in Oirdheisceart na hÉireann

 

Le do thoil glac le fianáin mhargaíochta chun an físeán seo a fheiceáil