Skip to main content
PartlyCloud Wind speed 3mph, Wind direction NW, Temperature 14.4° C

Europort Ros Láir - Do Thairseach chun na hEorpa

Eolas faoin gCalafort

Fáilte chuig Europort Ros Láir, an calafort is cóngaraí in Éirinn don Ríocht Aontaithe agus don Eoraip. Tá Europort Ros Láir ar ceann de na calafoirt is mó agus is gnóthaí in Éirinn, agus é lonnaithe i Réigiún an Oirdheiscirt.

Agus seirbhísí iontacha bóthair, iarnróid agus mara againn, is féidir linn déileáil go sciliúil le lasta rolladh ann-rolladh as agus le paisinéirí, le feithiclí Talmhaíochta agus Trádála, Bulclasta, ualaí mórthomhais, longa Cúrsála, tuirbíní gaoithe agus saoráidí fuinnimh inathnuaite eile amach ón gcósta.

Sna blianta beaga atá romhainn, táimid ag infheistiú inár saoráidí calafoirt, tríd an Máistirphlean um Bonneagair agus trí leas a bhaint as an teicneolaíocht chun an Calafort digiteach agus uathoibrithe is cliste in Éirinn a chruthú.

Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as ár suíomh gréasáin nua agus go dtiocfaidh tú ar an eolas ar fad atá uait. Táimid ag tnúth go mór le fáilte mhór a chur romhat go gairid chuig Europort Ros Láir.

Glenn Carr
Bainisteoir Ginearálta Lasta Iarnród Éireann agus Europort Ros Láir

Paisinéir

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hamanna seolta, saoráidí calafoirt, gluaisteán ar cíos agus ábhair eile nach iad, téigh chuig an mír ‘Eolas do Phaisinéirí’.

Lasta

Soláthraíonn Europort Ros Láir réimse leathan seirbhísí lena n-áirítear Rolladh Ann-Rolladh As, Gluaisteáin Thrádála, Seirbhísí amach ón gCósta, bulclasta agus lasta neamhghnách. Téigh chuig an mír ‘Lasta’ chun tuilleadh eolais a fháil.

By using the Rosslare Europort, you consent to the use of cookies in accordance with our Cookie Policy.