Beartas Europort Ros Láir maidir le Fianáin
Léiríonn Iarnród Éireann meas ar phríobháideachas cuairteoirí uile chun ár suíomh gréasáin. Leagtar amach sa Bheartas seo maidir le Fianáin ár mbeartas maidir le fianáin a úsáid ar Shuíomhanna Gréasáin uile de chuid Iarnród Éireann.
Féadaimid ár mBeartas maidir le Fianáin a nuashonrú chun athruithe ar bith a tharlaíonn ó thaobh na teicneolaíochta de nó sa reachtaíocht cosanta sonraí a léiriú. Léireofar ar an leathanach seo nuashonruithe nó athruithe ar bith a d’fhéadfaidh difear a dhéanamh don mbealach a bhainimid úsáid as fianáin nó don bhealach is féidir fianáin a bhainistiú mar úsáideoir.
Cad is Fianáin ann?
Is éard atá i gceist le fianáin ná comhaid téacs bheaga arna gcur ar do ríomhaire nó ar do ghléas atá cumasaithe don Idirlíon ag suíomhanna gréasáin chun cur lena bhfeidhmiúlacht. Is féidir fianán a úsáid ionas gur féidir le suíomh gréasáin nó le suíomhanna gréasáin tríú páirtí ríomhaire úsáideora, nó a g(h)léas atá cumasaithe don Idirlíon, a shainaithint. Ligeann sé seo do shuíomhanna gréasáin feabhas a chur ar an mbealach a oibríonn siad, amhail cuimhneamh ar roghanna arna n-úsáid ag úsáideoir nó rianú a dhéanamh ar chúiseanna staitistiúla ar an úsáid a bhaineann úsáideoir as suíomh gréasáin. De ghnáth agus fianáin á n-úsáid, sanntar uimhir uathúil don chuairteoir. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le fianáin ar www.aboutcookies.org agus ar www.allaboutcookies.org
Fianáin ar shuíomhanna gréasáin Iarnród Éireann
Socraíonn Iarnród Éireann na cineálacha fianán seo a leanas ar do ghléas nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomhanna gréasáin;
- Fianáin Fíor-riachtanacha / Fianáin Céad Páirtí
- Fianáin Feidhmíochta agus Anailíseacha / Fianáin Tríú Páirtí
- Fianáin Dírithe agus Fógraíochta
Is meascán iad na fianáin seo d’fhianáin céad pháirtí, a shocraímid féin, agus fianáin tríú páirtí arna socrú ag soláthraithe seirbhíse tríú páirtí.
Fianáin Fíor-riachtanacha / Fianáin Céad Páirtí
Úsáidimid na fianáin seo a leanas atá fíor-riachtanach chun ligeann d’úsáideoirí rochtain a fháil ar ár suíomhanna gréasáin, dul ó leathanach go leathanach agus seirbhísí atá iarrtha a fháil.
Ainm an Fhianáin | Soláthraí | Tuairisc |
---|---|---|
ASP.NET (ASPXFORMSAUTH, _RequestVerificationToken, ASP.NET_SessionId) | Kentico | Fíorú a dheanamh ar rochtain úsáideoirí chuig an suíomh gréasáin, fianáin fhrithbhrionnaithe agus fianáin slándála |
CMSCookieLevel | Kentico | Sonraíonn siad na fianáin arna gceadú ag an gcuairteoir |
CMSPreferredCulture | Kentico | Stórálann siad cultúr maidir le hábhar roghnaithe an chuairteora |
CMSPreferredUICulture | Kentico | Stórálann siad cultúr UI an úsáideora |
CMSViewMode | Kentico | Stórálann siad mód amhairc reatha an úsáideora (Eagarthóireacht, Réamhamharc, Dearadh, etc.) |
key_station, HFS_from, HFS_to | Kentico and HaCon | Baintear leas as na bhfianáin chun cuimhneamh ar shonraí maidir leis an stáisiún deireanach arna gcur isteach ag an úsáideoir ionas gur féidir é a uathroghnú in idirghníomhaíochtaí amach anseo |
FGTServer | Load Balancer | Baintear úsáid as chun ár gcothromóir ualaigh a bhainistiú, cuimhníonn sé ar cén nód atá ag freastal ar d’ábhar |
CurrentContact | Kentico | Stórálann sé GUID den teagmhálaí a bhaineann leis an gcuairteoir reatha chuig an suíomh. Baintear leas as chun gníomhaíochtaí ar an suíomh gréasáin a rianú |
Google Analytics (_gaexp, _ga_UA-88290789-1, _gid) | Déantar anailísiú ar shonraí chun tuiscint níos doimhne a fháil ar eispéireas an chustaiméara. |
Áirítear leis na fianáin seo fianáin seisiúin a ligeann d’úsáideoirí fanacht logáilte isteach agus nascleanúint á dhéanamh acu tríd an suíomh gréasáin agus tascanna riachtanacha a dhéanamh, amhail míreanna a chur sa chiseán nuair atá ticéid á gceannach ar ár suíomh gréasáin.
De ghnáth, ní bhíonn faisnéis ar bith a shainaithneodh an duine sna fianáin seo agus socraíonn Iarnród Eireann iad chun seirbhísí sonracha a chur ar fáil, amhail idirbhearta ríomhthráchtála.
Fianáin Feidhmíochta agus Anailíseacha
Úsáidtear na fianáin seo chun faisnéis staitistiúil a bhailiú maidir le cuairteoirí chuig an suíomh gréasáin agus maidir leis na leathanaigh ar a bhféachann siad. Ligeann na fianáin seo d’úsáideoirí eispéireas ardchaighdeáin a fháil trí thairiscintí oiriúnaithe a chur ar fail dóibh agus trí shainaithint agus réiteach thráthúil a éascú i gcás saincheisteanna ar bith a thagann chun cinn. Is iad seo a leanas na fianáin feidhmíochta a úsáidtear ar ár suíomhanna gréasáin:
Ainm an Fhianáin | Soláthraí | Tuairisc |
---|---|---|
Google Analytics (1P_JAR, CONSENT, _utma, _ga) | Uirlisí neamhphearsanta um anailísiú digiteach chun sonraí ó phointí teagmhála uile a anailísiú in aon áit amháin, chun tuiscint níos doimhne a fháil ar eispéireas an chustaiméara. | |
Google Tag Manager | Cumais Bainistíochta Clibe - Neamhphearsanta | |
Hotjar (_hjid) | Hotjar | Hotjar cookie - Socraítear an fianán seo nuair a bhuaileann custaiméir den chéad uair ar leathanach leis an script Hotjar. Úsáidtear é chun an ID úsáideora randamach atá uathúil don suíomh gréasáin sin ar an mbrabhsálaí a choinneáil ar siúl. Cinntíonn sé go leagfar an t-iompar céanna i gcoinne an ID úsáideora céanna le linn cuairteanna a thugtar ar an suíomh céanna ina dhiaidh sin. |
HJDonePolls | Hotjar | Socraítear an fianán seo nuair a chaitheann cuairteoir vóta trí leas a bhaint as an giuirléid um Vóta Aiseolais a chaitheamh. Úsáidtear é chun a chinntiú nach dtiocfaidh an giuirléid chéanna in airde má líontar cheana é. |
Survey Monkey | Survey Monkey | Pearsanta agus Neamhphearsanta - Aiseolas ó chustaiméirí agus suirbhé* |
Marketo | Marketo | Pearsanta - Cumarsáid i bhfoirm Nuachtlitreach Ligeann sé do shuíomh gréasáin iompar cuairteora a nascadh le faighteoir feachtais margaíochta ríomhphoist, chun éifeachtúlacht an fheachtais a thomhas. |
UserLike | UserLike | Pearsanta agus Neamhphearsanta - uirlis chun acmhainn comhráite beo a chur ar siúl chun cabhrú le custaiméirí* agus faisnéis staitistiúil a chur ar fáil. |
Botsify | Botsify | Pearsanta agus Neamhphearsanta - uirlis chun acmhainn uathoibríoch comhráite beo a chur ar siúl chun cabhrú le custaiméirí* agus faisnéis staitistiúil a chur ar fáil. |
BIGipServerPool-xxxx | Load Balancer | Baineann sé le seisiúin a bhainistiú ar fhriothálaithe cothromaithe ualaigh, chun a chinntiú go ndéantar iarratais úsáideoirí a threorú chuig an bhfriothálaí ceart ar bhonn leanúnach |
_biz_nA, _biz_uid, _biz_flagsA, _biz_pendingA | Marketo and Cloudfare | Úsáideann Cloudflare na fianáin seo chun tacú le slándáil agus optamú feidhmíochta |
_source, _A_time | Marketo and Cloudfare | Úsáideann Cloudflare na fianáin seo chun tacú le slándáil agus optamú feidhmíochta |
__cf_bm | Marketo and Cloudfare | Úsáidtear an fianán seo chun idirdhealú a dhéanamh idir daoine daonna agus botaí. Is rud tairbheach é seo don suíomh gréasáin, ionas gur féidir tuarascalacha bailí a dhéanamh ar úsáid a suíomh gréasáin |
__cfduid | Marketo and Cloudfare | Baineann an líonra ábhair, Cloudflare, leas as chun trácht iontaofa gréasáin a shainaithint |
ads_prefs, auth_token, csrf_same_site, csrf_same_site_set, des_opt_in, dnt, eu_cn, guest_id, kdt, personalization_id, remember_checked_on, rweb_optin, tfw_exp, twid, lang | Úsáidtear na fianáin Twitter chun leathanaigh agus ábhar spéisiúla a chomhroinnt ar an líonra sóisialta sin. Is féidir na fianáin seo a úsáid ar chúiseanna fógraíochta | |
DV, OTZ, HSID, SID | Baintear úsáid as chun próifíl agus anailísiú a chruthú maidir le cuairteoirí chuig an suíomh gréasáin |
Déantar faisnéis arna bailiú ag na fianáin seo a chomhiomlánú agus a úsáid go hanaithnid. *I gcás go gcuirtear faisnéis phearsanta ar fáil, amhail ainm, seoladh ríomhphost, logáil isteach meán shóisialta nó uimhir theagmhála, ní úsáidtear í ach chun críche na cumarsáide ach chun teagmháil a dheanamh leat maidir leis an ábhar faoina ndearna tú teagmháil linn.
Fianáin dírithe agus fógraíochta
In éineacht lenár gcomhpháirtithe agus ár bhfógróirí, úsáidimid fianáin chun fógraí a mheasaimid a bhaineann leat agus le d’ábhair spéise a chur ar taispeáint. Féadfaidh fógróirí agus comhpháirtithe tríú páirtí anailís a dhéanamh ar shonraí a bhailíonn siad faoin úsáid a bhaineann úsáideoirí as ár suíomhanna gréasáin ionas gur féidir leo fógraí a thaispeáint duit ar ár suíomhanna gréasáin nó ar shuíomhanna gréasáin tríú páirtí. Oibrímid freisin le fógróirí chun fógraí dár gcuid féin a thaispeáint ar shuíomhanna gréasáin tríú páirtí, bunaithe ar fhianáin a shocraítear ar do chuairt chuig ár suíomhanna gréasáin. Féadfaidh fógróirí úsáid a bhaint freisin as faisnéis a bhaineann le do ghníomhaíocht roimhe seo ar an idirlíon chun na fógraí a thaispeántar ar ár suíomhanna gréasáin a oiriúnú. Is féidir fianáin fógraíochta/dírithe a úsáid freisin chun na freagairtí a thug tú ar fhógraí áirithe a rianú, rud a chabhraíonn le fógróirí a chinntiú go bhfeiceann tú na fógraí is ábhartha amach anseo, idir fhógraí ar ár suíomhanna gréasáin féin agus fhógraí ar shuíomhanna gréasáin tríú páirtí. Is iad seo a leanas na fianáin dírithe/fógraíochta a úsáidtear ar an Suíomh Gréasáin:
Ainm an Fhianáin | Soláthraí | Tuairisc |
---|---|---|
Google AdSense | Fógraíocht agus athdhíriú | |
DoubleClick (DSID, IDE, _fbp, ANID, APISID, NID, SAPISID, SIDCC, SSID) | Fógraíocht agus athdhíriú | |
Marketo | Marketo | Anailísiú ar Nuachtlitreacha |
Fianáin eile tríú páirtí
Cuid de na fianáin a shocraítear ar ár suíomhanna gréasáin, ní bhaineann siad le hIarnród Éireann ar chor ar bith. Nuair a thugann tú cuairt ar leathanach ar a bhfuil ábhar ó thríú páirtí leabaithe, amhail YouTube, Twitter nó Facebook, féadfaidh na soláthraithe seirbhíse seo a bhfianáin féin a shocrú ar do bhrabhsálaí gréasáin.
Soláthraí | Tuairisc |
---|---|
YouTube and Google | Rianú meán sóisialta ar idirghníomhaíochtaí úsáideoirí ar chúiseanna staitistiúla. |
Facebook and Instagram | Rianú meán sóisialta ar idirghníomhaíochtaí úsáideoirí ar chúiseanna staitistiúla. |
Rianú meán sóisialta ar idirghníomhaíochtaí úsáideoirí ar chúiseanna staitistiúla. |
Ní rialaímid úsáid na bhfianán seo agus ní féidir linn iad a rochtain toisc nach mbíonn rochtain ag páirtí ar bith eile ar fhianáin ach ag na páirtithe a shocraíonn iad an chéad lá riamh. Ba cheart suíomhanna gréasáin tríú páirtí a sheiceáil chun tuilleadh eolais a fháil maidir le fianáin agus Beartas maidir le Fianáin na dtríú páirtithe seo.
Fianáin a rialú agus a dhíchumasú
Mura dteastaíonn uait go nglacann do bhrabhsálaí le fianáin, is féidir rogha a chur ar siúl i do shocrúcháin brabhsálaithe gan glacadh le fianáin. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas glacadh fianán a chasadh as, tagair don fheidhm “Cabhair” i do bhrabhsálaí.
Má dhíchumasaítear tacaíocht fianán, tabhair do d’aire go bhfuil seans nach bhfeidhmeoidh an Suíomh gréasáin i gceart agus seans nach mbeidh tú in ann na gnéithe agus na seirbhísí ar fad atá air a úsáid ina n-iomláine. Cliceáil ar an nasc chun tuilleadh eolais a fháil maidir le fianáin a bhainistiú, lena n-áirítear conas díliostáil ó fhianáin feidhmíochta a fháil.
Chun na fianáin ar fad a fheiceáil ag obair ar ardán, is ann do roinnt uirlisí úsáideacha a ligfear duit féachaint ar cad atá á rianú agus tugann cuid díobh rogha duit rianú a dhíchumasú saor in aisce mura bhfuil sé ag teastáil uait.
Déan teagmháil linn
Roimh theagmháil a dhéanamh linn, déan athbhreithniú ar an eolas thuasluaite.
Faisnéis in Easnamh, Ceisteanna Ginearálta nó Aiseolas | Gearáin nó Iarratais um Chosaint Sonraí |
---|---|
Iarnród Éireann - Cainéil Dhigiteacha Sráid Amiens, Baile Átha Cliath D01 V6V6 digital@irishrail.ie | Iarnród Éireann - Oifigeach Cosanta Sonraí Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1 D01 V6V6 dpo@irishrail.ie |