Skip to main content

Commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11th January 2024

As part of our Public Awareness Programme, we wish to advise of the commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11thJanuary 2024.  For more information please click this link

Údarás an Chalafoirt

Conraitheoirí agus Rochtain

Tá faisnéis sa chuid seo a bhaineann le conraitheoirí, rochtain a fháil ar an gCalafort,Téarmaí agus Coinníollacha agus, fodhlíthe Chalafort Europort Ros Láir. Ar mhaithe le héascaíocht, tá na rannáin liostaithe againn mar a leanas:

Guaiseacha

Gluaiseacht feithiclí

Is samplaí iad seo de ghluaiseachtaí feithiclí laistigh de Chalafort Europort Ros Láir, a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar do rochtain nó ar d’obair:

Gníomhaíochtaí cothabhála

Féadfaidh conraitheoirí agus foireann an Chalafoirt a bheith i mbun oibreacha a bhaineann le:

Ag Tiomáint sa Chalafort

Uisce

Ba cheart caitheamh le hobair gar d’imeall na cé mar obair ard-riosca agus measúnuithe riosca á gcomhlánú.

Oibríochtaí Longa a Chur i mBeart

Nuair a bhíonn tú ag obair ar imill ché nó gar di atá gar do longa atá ag gluaiseacht ba chóir duit a bheith feasach faoi na rudaí seo a leanas:

Téigh i gcomhairle leis an Máistir Cuain nó leis an gCeann Bainistíochta Oibríochtaí a thabharfaidh sonraí faoi gach gluaiseacht loinge srl.

Slándáil

Pas Conraitheoirí

Pas Cuairteoirí

Pas a fháil


  Caithfidh tú tabhairt faoin méid seo a leanas:

Pas Feithicle

Pas Cé - Más gá duit feithicil a thabhairt isteach i limistéar srianta Calafort Europort Ros Láir chun cabhrú le hoibreacha agus má mhaireann na hoibreacha ar feadh tréimhse fada, ansin eiseofar Pas Cé duit. Fanfaidh an pas seo bailí ar feadh ré an tionscadail agus eiseoidh an Máistir Cuain é nó an chuideachta/an long a iarrfaidh an obair.

Lámhleabhar Conraitheoirí

Ní mór do chonraitheoirí Cead chun Oibre a fháil sula dtosaíonn siad ar oibríochtaí agus é a thabhairt ag deireadh gach lae oibre. Cuireann sé seo ar chumas Chalafort Europort Ros Láir monatóireacht a dhéanamh ar na conraitheoirí sin ar an láithreán nó lasmuigh de.

Iompar

Caithfidh gach conraitheoir na rudaí seo a leanas a chomhlíonadh agus iad ag obair laistigh de na ceantair atá faoi rialú Údarás an Chalafoirt:

Éigeandálaí

Dóiteáin

Má chloiseann tú an t-aláram dóiteáin fág foirgneamh ag an mbealach amach is gaire agus téigh go dtí an Pointe Tionóil cuí. Taispeántar é seo ar an léarscáil a sholáthraítear leis an gCead chun Oibre agus sainmhínítear é freisin ar na fógraí Gníomhaíochta Dóiteáin atá ar taispeáint san fhoirgneamh.

Má fheiceann tú tine, glaoigh ar na seirbhísí éigeandála (999) agus ar an Máistir Cuainr +353 (0)53 915 7921 nó/agus an Rialaitheoir Dleachta  +353 (0)53 915 7929 chun an t-aláram a ardú. Ná comhraic an tine ach amháin má tá sé sábháilte agus go bhfuil muinín agat é seo a dhéanamh. Bain úsáid as na fearais a chuirtear ar fáil do chomhrac dóiteáin..

Teagmhais Eile

I gcás teagmhas eiseoidh ball d’fhoireann Chalafort Europort Ros Lár treoracha duit le leanúint. Ní mór duit cloí leis na treoracha seo ar mhaithe le do shábháilteacht féin. Má tá níos mó ná oibrí amháin i do ghrúpa, fan le chéile le do thoil ionas go bhféadfaidh a fhios a bheith againn cá bhfuil sibh.

Tabhair faoi deara le do thoil - Bíodh do limistéar oibre sábháilte, más féidir, sula n-athlonnaíonn tú ionas nach gcruthóidh tú guais do dhaoine eile.

Fodhlíthe

Gheobhaidh tú anseo na Fodhlíthe agus na Téarmaí & Coinníollacha do Chalafort Europort Ros Láir:

Paraiméadair an Chalafoirt

Tá ceithre RoRo berthsag Calafort Europort Ros Láir agus bulcbheart amháin. Seo thíos na paraiméadair oibríochta atá ar fáil do gach beart.

Coinníonn an Stáisiún VHF faire ag bunáit Rialaithe Calafoirt ag Dún Mór, agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis 24 uair an chloig.  Cainéal Raidió VHF 12

Le haghaidh tuilleadh faisnéise déan teagmháil le Máistir Cuain Chalafort Europort Ros Láir  le do thoil.

Saoráid

Fad na Cé

Uasfhad Árthaigh

Uas-Tarraingt

Cargo

Beart a hAon221 metres200 metres6.5 metresRoRo / Cúrsála / Ginearálta
Beart a Dó214 metres195 metres6.5 metresRoRo / Cúrsála / Ginearálta / Bulclasta
Beart a Trí186 metres160 metres6.5 metresRoRo / Cúrsála/ ginearálta
Beart a Cheathair140 metres120 metres4.2 metresRoRo / Cúrsála/ Ginearálta
Cé an Iascaire150 metres130 metres4.2 metresBulclasta / Ginearálta


Plean Bainistíochta Dramhaíola 

Le haghaidh tuilleadh eolais ar ár bplean bainistíochta dramhaíola reatha, féach an nasc thíos.

Europort Ros Láir - Plean Bainistíochta Dramhaíola Calafoirt 2021/2022

Schedule Port Charges

For a list of port charges including port dues, passenger business and RoRo freight business please see Rosslare Europort port charges.

All of the rates listed include full cargo handling which is done by the Port Authority. The rates listed are maximum rates, Rosslare Europort may vary the rates in accordance with the company's objectives.