Skip to main content

Commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11th January 2024

As part of our Public Awareness Programme, we wish to advise of the commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11thJanuary 2024.  For more information please click this link

Téarmaí Úsáide agus Ráiteas Príobháideachais Iarnród Éireann

Táimid tar éis ár dTéarmaí Úsáide, ár Ráiteas Príobháideachais a nuashonrú chun é a dhéanamh níos éasca d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar an saghas faisnéise a bhailímid agus ar na cúiseanna a bhailímid í.

Tá feabhas curtha againn ar an mbealach a dhéanaimid cur síos ar ár gcleachtais agus mar is féidir leat do shonraí a rialú. Tá na nuashonruithe seo á ndéanamh againn de réir agus atá rialacháin nua um chosaint sonraí ag teacht i bhfeidhm san Aontas Eorpach agus tá an deis á tapú againn feabhsúcháin a dhéanamh le haghaidh úsáideoirí uile Iarnród Éireann.

Fógra Dlíthiúil Tábhachtach

Léigh go cúramach na Téarmaí Úsáide, an Ráiteas Príobháideachais agus an Beartas maidir le Fianáin seo a leanas. Leagtar amach sna téarmaí agus coinníollacha seo (mar aon leis na doiciméid dá dtagraíonn siad) an bonn ar a bhfuil tú i dteideal Ardáin Dhigiteacha Iarnród Éireann a rochtain agus a úsáid

Trí Ardáin Dhigiteacha Iarnróid Éireann a úsáid, deimhníonn tú go nglacann tú leis na téarmaí agus coinníollacha seo (na “téarmaí úsáide”) agus go gcomhaontaíonn tú cloí leo.  Mura gcomhaontaíonn tú leis na téarmaí úsáide seo, níor cheart duit an suíomh gréasáin a úsáid.

Sainmhínithe

Clárú na Cuideachta

Is éard atá i gceist le hArdáin Dhigiteacha ná ardán ar bith atá faoi úinéireacht Iarnród Éireann nó atá á oibriú ag Iarnród Éireann, Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath 1. Uimhir Chláraithe na Cuideachta: 119571 Uimhir CBL: IE 4812851 O.

Baineann na Téarmaí Cuideachta seo le hArdáin Dhigiteacha uile atá faoi úinéireacht Iarnród Éireann nó atá á n-oibriú ag Iarnród Éireann.

Ar mhaithe le d’éascaíocht tá liosta thíos de na téamaí úsáide ar fad.

Téarmaí Úsáide

Ardáin Dhigiteacha a Úsáid

Ceadaítear ár nArdáin Dhigiteacha a úsáid ar chúiseanna brabhsála agus chun ár seirbhísí a úsáid. Tá diantoirmeasc ar úsáid ar bith eile a bhaint as an ábhar agus as na bogearraí atá ar ár nArdáin Dhigiteacha, lena n-áirítear ábhar ar na hArdáin Dhigiteacha a atáirgeadh, a mhionathrú, a scaipeadh, a tharchur, a athfhoilsiú nó a chur ar taispeáint gan cead sainráite a fháil uainn.

Níl cead na hArdáin Dhigiteacha nó aon chuid de na hArdáin Dhigiteacha a atáirgeadh, a chóipeáil, a dhíol, a athdhíol nó a shaothrú ar chúiseanna tráchtála nach bhfuil ceadaithe go sainráite againn.

Níor chóir mí-úsáid a bhaint as na hArdáin Dhigiteacha trí víreas, traíoch, péist, buama loighce nó ábhar ar bith eile atá mailíseach nó díobhálach a thabhairt isteach go feasach nó go meargánta. Níor chóir iarracht a dhéanamh rochtain neamhúdaraithe a fháil ar na hArdáin Dhigiteacha, ar an bhfreastalaí ar a bhfuil na hArdáin Dhigiteacha stóráilte nó ar fhreastalaí, ríomhaire nó bunachar sonraí ar bith atá ceangailte leis na hArdáin Dhigiteacha. Níor cheart ionsaí a dhéanamh ar na hArdáin Dhigiteacha trí ionsaí diúltaithe seirbhíse nó ionsaí scaipthe diúltaithe seirbhíse a dhéanamh.

Coimeádaimid an ceart againn féin rochtain ar na hArdáin Dhigiteacha agus/nó ar na seirbhísí istigh iontu a dhiúltú dár rogha féin, lena n-áirítear, gan teorann, má táimid den tuairim go sáraíonn an t-iompar sin an dlí is infheidhme, má tá sé díobhálach dár leasa nó má sáraíonn sé na Téarmaí Úsáide seo.

Maoin Intleachtúil

Is linne nó is lenár gceadúnóir é an t-ábhar ar fad a áirítear ar na hArdáin Dhigiteacha, amhail téacs, grafaicí, lógónna, íocóin cnaipe, íomhánna, gearrthóga fuaime agus bogearraí agus tagann sí faoi chosaint dhlíthe an chóipchirt agus/nó dlíthe eile maoine intleachtúla is infheidhme. Admhaíonn tú nach bhfuil cead agat ábhar ar bith a léirítear ar na hArdáin Dhigiteacha a úsáid ach amháin mar atá údaraithe againne agus comhaontaíonn tú thairis sin gan an t-ábhar sin a chóipeáil, a atáirgeadh, a tharchur, a scaipeadh nó gan oibreacha díorthacha di a chruthú gan cead i scríbhinn a fháil uainn roimh ré.

Teorannú ar Dhliteanas agus Séanadh

Admhaíonn agus comhaontaíonn tú leis seo go bhfuil ár nArdán Digiteacha ar fáil lena n-úsáid ‘mar atá siad’ agus ‘mar atá siad ar fáil’ gan ráthaíochtaí ar bith de chineál ar bith agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, ní dhéanaimid ráthaíocht ar bith i ndáil le, agus ní bheidh freagracht ar bith orainn i ndáil le, cruinneas, infhaighteacht, iontaofacht, slándáil, oiriúnacht don fheidhm nó feidhmíocht na nArdán Digiteach ná a bhfuil iontu.

Admhaíonn agus comhaontaíonn tú go bhféadfaimis do rochtain ar ár nArdáin Dhigiteacha a chur ar fionraí go sealadach ar chúis ar bith gan fógra a thabhairt, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do nuair a bhíonn cliseadh, earráid, locht nó mífheidhm in aon chuid de na hArdáin Dhigiteacha.

Ach amháin mar a leagtar amach go sainráite sna Téarmaí Úsáide seo, ní chuirtear san áireamh leis seo a mhéid is féidir a cheadaítear leis an dlí, léiriúcháin, ráthaíochtaí, téarmaí agus coinníollacha uile, sainráite nó intuigthe, i ndáil leis na hArdáin Dhigiteacha nó an fhaisnéis a thugtar iontu.

Ós rud é nach féidir linn ráthaíocht a thabhairt go mbeidh na hArdáin Dhigiteacha gan locht nó go mbeidh an fhaisnéis a thugtar ar na hArdáin Dhigiteacha i gceart, comhaontaíonn tú nach mbeimid faoi dhliteanas ar bith i leith caillteanas nó damáiste ar bith a eascraíonn as na hArdáin Dhigiteacha nó a bhfuil iontu, nó ina dtaobh, cibé an bhfuil sé sin faoi theoiricí conartha, tort (lena n-áirítear faillí), diandliteanas nó eile.

Réimsí Idirghníomhacha

Mar chuid dár nArdáin Dhigiteacha, féadfaidh go mbeidh fóraim díospóireachta, cláir feasacháin, athbhreithnithe ó úsáideoirí nó fóraim eile inar féidir leatsa nó tríú páirtithe ábhar a phostáil. Teachtaireachtaí, ábhar nó ábhar eile ar an Ardán Digiteach (“Réimsí Idirghníomhacha”). Má tá a leithéid de Réimsí Idirghníomhacha ar fáil, is tusa atá freagrach as an úsáid a bhaineann tú astu agus is ar do phriacal féin a úsáideann tú iad. Trí Réimsí Idirghníomhacha a úsáid. Comhaontaíonn tú go sainráite gan aon cheann de na rudaí seo a leanas a phostáil, a tharchur, a scaipeadh, a stóráil, a chruthú nó a fhoilsiú ar aon bhealach eile tríd an Ardán Digiteach:

Ní ghlacaimid aon fhreagracht agus níl aon dliteanas orainn as Ábhar ar bith d’aon saghas a chuirtear in airde, a stóráiltear nó a uaslódálann tusa nó aon tríú páirtí ar an Ardán Digiteach seo, nó as aon chaillteanas nó díobháil a dhéantar mar thoradh air sin. Mar sholáthraí seirbhísí idirghníomhacha, níl dliteanas orainn as aon ráiteas, ionadaíocht nó Ábhar a sholáthraíonn úsáideoirí an Ardáin Dhigitigh seo in aon Réimse Idirghníomhach nó ar aon fhóram poiblí eile. Cé nach bhfuil aon dualgas orainn scagadh nó eagarthóireacht nó monatóireacht a dhéanamh ar aon chuid den Ábhar a phostáiltear nó a scaiptear trí aon Réimse Idirghníomhach, coimeádaimid an ceart againn féin, agus tá sé de lánrogha againn, aon Ábhar a phostáiltear nó a stóráiltear ar Ardán Digiteach ar bith am ar bith agus ar chúis ar bith, a bhaint, a scagadh nó a chur in eagar agus is tusa amháin atá freagrach as cóipeanna cúltaca a chruthú d ‘Ábhar ar bith, nó as Ábhar ar bith a phostálann nó a stórálann tú a ionadú ar aon Árdán Digiteach ar do chostas féin amháin.

Má bhaintear aon úsáid as na Réimsí Idirghníomhacha nó as codanna eile de na hArdáin Dhigiteacha, seachas i gcomhréir leis na Téarmaí agus Coinníollacha úsáide seo, i measc rudaí eile, is féidir an rochtain atá agat ar na Réimsí Idirghníomhacha agus/nó ar na hArdáin Dhigiteacha a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí. D’fhonn ordú cúirte dlínse inniúla a chomhlíonadh nó chun ár gcórais nó úsáideoirí na nArdán Digiteach a chosaint, d’fhéadfaimis aon fhaisnéis atá á coimeád againn a phróiseáil agus a nochtadh maidir le húsáideoir na nArdán Digiteach seo a phostálann nó a uaslódálann Ábhar míchuí nó Ábhar inlochtaithe, lena n-áirítear, gan teorainn, ainm, seoladh ríomhphoist, seoladh IP, stair úsáide agus Ábhar postáilte.

Dlíthe is infheidhme a chomhlíonadh

De bharr chineál domhanda an Idirlín, comhaontaíonn tú cloí le dlíthe uile an cheantair áitiúil maidir le hiompar ar líne. Comhaontaíonn tú freisin cloí le rialacha ar bith is infheidhme maidir le sonraí teicniúla ar bith a easpórtáil ó thír ar bith.

Naisc chuig Ardáin Dhigiteacha eile

Féadfaidh naisc áirithe chuig ardáin dhigiteacha atá á n-oibriú ag tríú páirtithe a bheith ar Ardáin Dhigiteacha Iarnród Éireann. Is mar éascaíocht duitse a chuirtear na naisc sin ar fáil. Níl rialú ar bith againn ar na hArdáin Dhigiteacha seo agus nílimid freagrach as a n-infhaighteacht nó as an ábhar nó as na cleachtais a bhaineann leo. Trí naisc go hArdáin Dhigiteacha eile a sholáthar ar an Ardán Digiteach, níl moladh á thabhairt ar ábhar ar bith a léirítear ar na hArdáin Dhigiteacha sin ná níl baint ar bith againn lena n-oibreoirí.

Nascadh lenár nArdáin Dhigiteacha

Is féidir nasc a chur ar fáil chuig ár leathanach baile má dhéanann tú é ar bhealach atá cothrom agus dleathach, gan dochar a dhéanamh dár gclú ná gan buntáiste a bhreith as. Níor cheart nasc a bhunú ar bhealach ar bith a thugann baint, ceadú nó moladh ónár dtaobh le fios i gcás nach bhfuil a leithéid ann. Níor cheart nasc a bhunú ar aon Ardán Digiteach chuig aon Ardán Digiteach eile nach leis an úsáideoir féin é. Níor cheart go mbeadh na hArdáin Dhigiteacha frámaithe ar aon suíomh eile, ná níl cead agat nasc a chruthú chuig aon chuid eile de na hArdáin Dhigiteacha seachas an leathanach baile. Coimeádaimid an ceart againn féin cead nasctha a aistarraingt gan fógra a thabhairt. 

Más mian leat úsáid a bhaint as ábhar ar bith ar na hArdáin Dhigiteacha seachas an úsáid thuasluaite, déan teagmháil linn.

Athruithe

Féadfaimid na Téarmaí Úsáide seo agus doiciméad ar bith dá dtagraítear iontu a leasú ó am go ham. Sonrófar ar na hArdáin Dhigiteacha an dáta is déanaí ar a ndearnadh leasú ar na téarmaí úsáide.

Dlí Rialaithe

Déanfar na Téarmaí Úsáide seo a rialú agus a fhorléiriú de réir dlíthe na hÉireann agus leis seo, glacann tú le dlínse eisiatach Chúirteanna na hÉireann.

Ráiteas Príobháideachais

Déanann Iarnród Éireann do phríobháideachas a urramú agus tá sé tiomanta don phríobháideachas sin a chosaint. Is é is cúis lenár Ráiteas Príobháideachais ná tú a chur ar an eolas maidir leis na sonraí a bhaineann leatsa a bhailímid agus a úsáidimid i ndáil lenár nArdáin Dhigiteacha agus na húsáidí (lena n-áirítear nochtadh do thríú páirtithe) a bhainimid as sonraí dá leithéid sin.

Má tá ceist ar bith agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn. 

Sonraí Pearsanta a Dhéanaimid a Bhailiú agus a Phróiseáil

Bailímid agus próiseálaimid sonraí pearsanta a bhaineann leat i ndáil leis an úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin seo agus as ár gcaidreamh leat. Tá na cineálacha sonraí pearsanta seo a leanas i measc na gcineálacha sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil dúinn:

Ríomhphost/ Teileafón/ Aiseolas ar na Meáin Shóisialta, Gearáin nó Ceisteanna

Chun cabhrú le custaiméirí i gcás ceisteanna ginearálta, gearáin nó chun aiseolas ginearálta a thabhairt dúinn, is féidir linn cuid de na sonraí thíos a lorg chun a bheith in ann cabhair níos fearr agus freagra níos tapúla a thabhairt:

Ní lorgóimid faisnéis uait ach amháin má tá sí ag teastáil chun cabhrú leat, agus ní úsáidfear í ach amháin chun déileáil leis an gcumarsáid.

Faisnéis Eile

Faisnéis Neamhphearsanta 

Bailímid agus déanaimid anailísiú ar fhaisnéis áirithe staitistiúil maidir leis an úsáid (“faisnéis neamhphearsanta”). Nuair a thugann tú cuairt ar ár nArdáin Dhigiteacha, féadfaidh go gcoinnítear an fhaisnéis neamhphearsanta seo a leanas maidir leis an gcuairt:

Bailítear an chuid is mó d’fhaisnéis neamhphearsanta trí fhianáin nó trí theicneolaíochtaí anailíse eile. Cliceáil chun tuilleadh eolais a fháil faoin 

Bailítear an chuid is mó d’fhaisnéis neamhphearsanta trí fhianáin nó trí theicneolaíochtaí anailíse eile. Cliceáil chun tuilleadh eolais a fháil faoin  leas a bhaineann Iarnród Éireann as fianáin..

Príobháideachas Leanaí

Tá Iarnród Éireann tiomanta do riachtanais príobháideachais leanaí a chosaint agus molaimid do thuismitheoirí agus caomhnóirí ról gníomhach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus ábhar spéise ar líne a leanaí. Ní bhailíonn Iarnród Éireann faisnéis go feasach ó leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois agus ní dhírítear suíomhanna gréasáin Iarnród Éireann ar leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois.

An úsáid a bhaineann Iarnród Éireann as do shonraí pearsanta agus as d’fhaisnéis neamhphearsanta

Úsáideann Iarnród Éireann d’fhaisnéis phearsanta chun táirgí nó seirbhísí a chur ar fáil duit agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar do riachtanais agus ar d’ábhar spéise. Go sonrach, úsáidimid d’fhaisnéis chun cabhrú leat idirbhearta nó orduithe a chur i gcrích, chun cumarsáid a dhéanamh leat, chun seirbhís agus tacaíocht a chur ar fáil, chun eolas nuashonraithe a chur ar fáil duit maidir le seirbhísí agus leasa, chun fógraíocht iompraíochta ar líne a dhéanamh i gcomhréir leis an  leas a bhaineann Iarnród Éireann as fianáin, chun pearsantú a dhéanamh ar Ardáin Dhigiteacha Iarnród Éireann.

Anois is arís, féadaimid d’fhaisnéis a úsáid chun teagmháil a dhéanamh leat ar chúiseanna taighde margaidh maidir le táirgí nó seirbhísí Iarnród Éireann. Tabharfaimid deis duit do roghanna príobháideachais a roghnú maidir lena leithéid de chumarsáid.

Ní úsáidtear faisnéis cárta creidmheasa ach amháin chun íocaíochtaí a phróiseáil agus calaois a chosc. Ní úsáideann ár soláthraithe seirbhísí airgeadais nó Iarnród Éireann ár bhfaisnéis íocaíochta ar chúis ar bith eile.

Déantar faisnéis neamhphearsanta a chomhiomlánú ar mhaithe le tuairisciú a dhéanamh ar úsáideacht, feidhmíocht agus éifeachtúlacht shuíomh gréasáin Iarnród Éireann. Úsáidtear í chun feabhas a chur ar éispéireas custaiméirí, ar úsáideacht agus ar ábhar suímh gréasáin.

An bunús dlí ar a bpróiseáiltear do shonraí pearsanta

Is iad seo a leanas na bunúis dlí ar a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta:

Cé leis a chomhroinneann Iarnród Éireann d’fhaisnéis

Féadfaimid do shonraí pearsanta a nochtadh d’eagraíochtaí eile i ndáil leis na críocha thuasluaite, lena n-áirítear:

Coinneáil                                                          

Ní choinneofar do shonraí pearsanta ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá. Coinneoimid do shonraí pearsanta fad is a dteastaíonn sé uainn agus ar na cúiseanna a ndéantar cur síos orthu, nó chun cloígh lenár ndualgais faoin dlí infheidhmithe agus chun déileáil le haon éileamh nó aighneas a d’fhéadfadh teacht aníos eadrainn, má tharlaíonn a leithéid.

Leagan
Tuairisc ar an athrú
Rannóg na Bainistíochta ar Chaidreamh le Custaiméirí - Gearáin ó Chustaiméirí
36 mí ón am a dhúntar an gearán*
Ceisteanna, Cabhair agus Aiseolas i gcás Custaiméirí
36 mí ón am a dhúntar an gearán*

* Féadfaidh taifid a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ag brath ar iniúchadh nó díospóid a bheith fós ar siúl.

Aistrithe

I ndáil leis an méid thuasluaite, féadaimid do shonraí pearsanta a aistriú go háiteanna lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, lena n-áirítear chuig dlínse nach n-aithnítear ag an gCoimisiún Eorpach mar áit a gcuireann an méid céanna cosanta ar fáil le haghaidh sonraí pearsanta mar a fhoráiltear dó san Aontas Eorpach, mar shampla, is uirlis taighde custaiméirí ar líne arna cur ar fáil ag cuideachta i SAM é SurveyMonkey agus úsáidtear é chun taighde margaidh a dhéanamh ar ár dtáirge nó seirbhísí.

Má dhéanfaimid é sin, agus a mhéid a dhéanfaimid é sin, cinnteoimid go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm chun comhlíonadh a dhéanamh ar ár n-oibleagáidí faoin dlí is infheidhme a rialaíonn a leithéid d’aistrithe.  Féadfar a áireamh iontu sin conradh a rialaíonn an t-aistriú ina bhfuil ‘clásail chonarthacha chaighdeánacha’ arna bhfaomhadh ag an gCoimisiún Eorpach chun na críche sin nó, i gcás aistrithe chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá, a chinntíonn go gcumhdaíonn  EU-US Privacy Shield framework an t-aistriú.

Do Chearta

Tá na cearta seo a leanas agat, i gcúinsí áirithe agus faoi réir srianta áirithe, maidir le de shonraí pearsanta:

Do Roghanna Margaíochta

Tugann Iarnród Éireann rogha duit go seolfar chugat faiséis éagsúil a chuireann lenár dtáirgí agus seirbhísí. Is féidir suibscríobh chun eolas sonrach a fháil maidir le táirgí agus seirbhísí ar leith agus maidir le cumarsáid margaíochta de chuid Iarnród Éireann. Féadfaidh eolas maidir le táirgí nua, tairiscintí speisialta, nó cuireadh chun páirt a ghlacadh i dtaighde margaidh a bheith i measc chumarsáid Iarnród Éireann. Tugaimid rogha duit maidir le cumarsáid Iarnród Éireann a fháil tríd an bpost, tríd an ríomhphost nó ar an teileafón. Déanfaimid gach iarracht do roghanna a chomhlíonadh. Ní bhaineann an rogha seo le cumarsáid a dhéantar chun orduithe a chur i gcrích.

Is féidir leat rogha a dhéanamh, áfach, na cineálacha seo cumarsáide a fháil trí na treoracha a leanúint ag an am atá d’fhaisnéis phearsanta á cur isteach (“liostáil”).

Chun díliostáil ó chumarsáid a iarradh go sonrach (amhail nuachtlitreacha tríd an ríomhphost; nuashonraithe bogearraí, etc.) bain leas as ceann ar bith de na modhanna seo a leanas:

Cruinneas d’fhaisnéise

Déanann Iarnród Éireann gach iarracht d’fhaisnéis a choinneáil cruinn beacht. Táimid tar éis teicneolaíocht, próisis bainistíochta agus polasaithe a chur i bhfeidhm chun cruinneas sonraí custaiméirí a chinntiú. 

D’fhaisnéis a choinneáil slán

Tá Iarnród Éireann tiomanta don fhaisnéis a chuireann tú ar fáil a choinneáil slán. Chun rochtain nó nochtadh neamhúdaraithe a chosc, chun cruinneas sonraí a choinneáil, agus chun úsáid iomchuí na faisnéise a chinntiú, tá Iarnród Éireann tar éis nósanna imeachta fisiciúla agus bainistíochta iomchuí a chur i bhfeidhm chun an fhaisnéis a bhailímid a chosaint.

Nuair a cheannaítear ticéid taistil ar líne, nuair a íoctar fógra íocaíochta seasta nó nuair a fhaightear rochtain ar do phróifíl phearsanta, is féidir é sin a dhéanamh trí fhreastalaí slán. Le teicneolaíocht Sraith Soicéad Slán a úsáid, ciallaítear go ndéantar faisnéis phearsanta uile, amhail uimhir do chárta creidmheasa/dochair, a chriptiú agus í ag taisteal ó do ríomhaire chuig inneall ináirithinte nó íocaíochta Iarnród Éireann. Nuair a fhaightear í, déantar an fhaisnéis a dhíchriptiú agus a phróiseáil sa bhealach céanna a dhéantar gnáth-idirbheart cárta a phróiseáil ar an teileafón. Tá an beart slándála seo ag oibriú nuair a fheiceann tú siombail d’eochair bhriste nó glas dúnta (ag brath ar do bhrabhsálaí) ag bun fhuinneog do bhrabhsálaithe.

Má thacaíonn do bhrabhsálaí le teicneolaíocht Sraith Soicéad Slán agus má tá tú tar éis dul isteach ar ár suíomh trínár bhfreastalaí slán a rochtain, déanfar cosaint ar aon traschur a dhéantar ar shonraí íogaire. Mura dtacaíonn do bhrabhsálaí le teicneolaíocht Sraith Soicéad Slán, molaimid duit uasghrádú a dhéanamh chuig an leagan is déanaí de bhrabhsálaí ar bith chun slándáil idirbhearta todhchaí a chosaint; thairis sin, seans nach mbeidh tarchur d’fhaisnéise pearsanta cosanta agus ní bheidh Iarnród Éireann freagrach sa chás sin.

Déan teagmháil linn

Roimh theagmháil a dhéanamh linn, déan athbhreithniú ar an eolas thuasluaite. 

Faisnéis in Easnamh, Ceisteanna Ginearálta nó Aiseolas
Gearáin nó Iarratais um Chosaint Sonraí

Iarnród Éireann - Bealaí Digiteacha
Sráid Amiens,
Baile Átha Cliath D01 V6V6

digital@irishrail.ie
Iarnród Éireann - Oifigeach Cosanta Sonraí
Sráid Amiens,
Baile Átha Cliath 1. D01 V6V6

dpo@irishrail.ie