Tá iompórtáil agus easpórtáil gluaisteán ar ceann de na trádálaithe is mó de chuid an Chalafoirt. Láimhseálann lucht saothair ardoilte Europort Ros Láir breis agus 25,000 feithicil gach bliain i gcampún daingean 17,500 méadar cearnach ina bhfuil CCTV i bhfeidhm.
- Lucht saothair sciliúil ardoilte
- Seirbhís scaoilte feithiclí trádála 7 lá ó cheann ceann na bliana
- Campún coinneála daingean 17,500 m2
- Seirbhísí díreacha ó Cherbourg, Roscoff, Bilbao, Pembroke agus Fishguard, a thugann rogha níos fearr do dhéantóirí a bhfeithiclí trádála a iompar go hÉireann.
Baintear amach an sprioc maidir le hoibríochtaí saor ó dhamáiste trí fheabhsú agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh, i gcomhpháirtíocht leis na déantóirí. De bharr na háite a bhfuil sé lonnaithe, níl sárú Europort Ros Láir ann ó thaobh an dáilte intíre is costéifeachtaí in Éirinn.
Ba bhreá linn do riachtanais ghnó a phlé leat agus réiteach saincheaptha a chur i bhfeidhm chun freastal a dhéanamh ort. Déan teagmháil lenár mBainisteoir Tráchtála chun plé a dhéanamh ar na bealaí is féidir linn cabhrú le do ghnó, anois agus amach anseo.