Skip to main content

Commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11th January 2024

As part of our Public Awareness Programme, we wish to advise of the commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11thJanuary 2024.  For more information please click this link

Eolas do Thurasóirí

Europort Ros Láir - An Tairseach chuig Oirdheisceart na hÉireann

Is tairseach chuig Oirdheisceart na hÉireann agus Oirthear Ársa na hÉireann é Europort Ros Láir. Níl Loch Garman ach 20 nóiméad sa ghluaisteán ó Ros Láir agus tógfaidh sé thart ar uair an chloig Cathair Phort Láirge a bhaint amach. Tá a lán le feiceáil agus le déanamh sa cheantar seo ...bainigí sult as!  Áirítear in Oirthear na hÉireann Co. Cheatharlach, Co. Chill Chainnigh, Co. Thiobraid Árann, Co. Phort Láirge agus Co. Loch Garman agus cuireann an réigiún seo an-chuid rudaí ar fáil do chách. Ó shéadchomharthaí stairiúla go caisleáin ársa, ó mhúsaeim go bealaí iontacha rothaíochta agus siúlóide, tá go leor leor le déanamh in Oirdheisceart na tíre. Agus bialanna agus tithe tabhairne iontacha ann, tá rud éigin ann chun gach duine a shásamh. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hOirdheisceart na hÉireann agus chun moltaí a fháil maidir leis na rudaí atá le déanamh agus le feiceáil ann, téigh chuig na naisc thíos.

 

Le do thoil glac le fianáin mhargaíochta chun an físeán seo a fheiceáil

An tOirdheisceart Grianmhar i 5 lá!

Cad mar gheall ar chuairt shaincheaptha 5 lá a thabhairt ar chóstaí áille, nithe ársa is díol spéise agus gairdíní iontacha Oirdheisceart na hÉireann? Tá ár gcairde in Ireland.com tar éis roinnt smaointe a chur le chéile maidir leis na rudaí atá le déanamh agus le feiceáil ann!

Ag tosú amach in Europort Ros Láir de réir an chúrsa taistil mholta, áirítear Cé na Cille Móire, Baile Loch Garman, Cathair Phort Láirge, Cathair Chill Chainnigh, Carraig Phádraig, Gairdíní Altamount i gCeatharlach, Gleann Dá Loch, Abhóca, ag críochnú ar thrá Churrach Cló atá le feiceáil sa scannán Saving Private Ryan.

Oirthear Ársa na hÉireann

Más mian leat dul níos faide ar aghaidh, tá go leor leor roghanna agat in Oirthear Ársa na hÉireann. Áirítear in Oirthear Ársa na hÉireann an limistéar lasmuigh de Bhaile Átha Cliath soir ón tSionainn, ó Chairlinn do dtí an Cabháin agus ó dheas go Corcaigh. Áirítear ann freisin oirthear Chontae Chorcaí agus Luimneach. Is féidir le cuairteoirí 5,000 bliain staire a bhlaiseadh agus iad ag taisteal ó Chnoc ársa na Teamhrach go dtí an tuama pasáiste Neoiliteach i mBrú na Bóinne, nó chuig na lonnaíochtaí mainistreacha i gCluain Mhic Nóis agus Gleann Dá Loch nó chuig lonnaíochtaí Lochlannacha nó Normannacha.