Skip to main content

Commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11th January 2024

As part of our Public Awareness Programme, we wish to advise of the commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11thJanuary 2024.  For more information please click this link

Eolas do Phaisinéirí

Tá Europort Ros Láir ar ceann de na calafoirt is tábhachtaí in Éirinn agus is é an tairseach chun na hEorpa é le haghaidh an tionscail lasta agus an tionscail turasóireachta. Tá an calafort lonnaithe go straitéiseach ar chósta grianmhar oirdheisceart na hÉireann.

Léarscáil na mBealaí do Phaisinéirí

Taispeánann an léarscáil seo na bealaí do phaisinéirí agus na hoibreoirí farantóireachta atá ag feidhmiú isteach agus amach as Europort Ros Láir faoi láthair.

Eolas maidir le hInrochtaineacht

Má tá cúnamh ag teastáil uait ag an gcalafort, bí cinnte go ndéanann tú teagmháil le d’oibritheoir farantóireachta roimh thaisteal chun na socruithe iomchuí a dhéanamh. A mhéid faisnéise atá againn maidir leis an gcúnamh a dteastaíonn uait, is é is fearr a bheimid in ann cabhrú leat. 

Línte Cúrsála

Is tairseach iontach do thurasóirí é Europort Ros Láir agus níl sárú orainn ó thaobh neasachta agus naisc chuig na láithreáin turasóireachta is mó tóir in Éirinn.

Oibritheoirí Seirbhísí Farantóireachta

Is ceann de na calafoirt is tábhachtaí in Éirinn sinn, chomh maith le tairseach iontach chun na hEorpa le haghaidh an tionscail lasta agus an tionscail turasóireachta. Imíonn ceithre sheoladh in aghaidh an lae go dtí an Ríocht Aontaithe agus sé sheoladh sa tseachtain go mór-roinn na hEorpa.

Saoráidí do Phaisinéirí

Tá go leor saoráidí ar fáil ag an gCalafort. Bí cinnte go mbeidh go leor ama agat chun leas a bhaint as na saoráidí iontacha atá ar fáil ann.

Eolas do Thurasóirí

Níl Loch Garman ach 20 nóiméad sa charr ó Ros Láir agus tógfaidh sé thart ar uair an chloig chun Cathair Phort Láirge a bhaint amach. Tá go leor leor le feiceáil agus le déanamh sa cheantar seo ...bainigí sult as!