Skip to main content

Commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11th January 2024

As part of our Public Awareness Programme, we wish to advise of the commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11thJanuary 2024.  For more information please click this link

Faisnéis maidir le Suíomh agus Iompar

Suíomh

Seoladh: Baile Ghiolláin Mór, Calafort Ros Láir, Co. Loch Garman, Éire Y35 PH4X 

Comhordanáidí GPS: 52.2511887° N, 6.3377699° W

Ar an mBóthar

Tá Europort Ros Láir suite in oirdheisceart na hÉireann. Déanann an gréasán náisiúnta bóithre agus iarnróid freastal maith ar an gcalafort, rud a fhágann go bhfuil rochtain éasca ar an áit ó/chuig bailte móra agus cathracha uile na hÉireann. 

Freastalaíonn an N25 ar Europort Ros Láir idir baile Loch Garman agus bealach isteach an chalafoirt.  Tá Co. Cheatharlach, Co. Chill Dara, Co. Laoise, Co. Thiobraid Árann, Co. Phort Láirge agus Co. Chill Mhantáin go léir laistigh de 90 nóiméad ó Europort Ros Láir. Tá sé éasca freisin taisteal go Chathair Bhaile Átha Cliath, Cathair Chorcaí agus Cathair Luimnigh ó Europort Ros Láir.

Ar an mBus

  • Soláthraíonn Bus Éireann seirbhís rialta bus idir stáisiún bus Loch Garman agus an calafort. I stáisiún bus Loch Garman, tá go leor bealaí bus á gcur ar fáil ag Bus Éireann chuig cathracha agus bailte móra ar fud na hÉireann. Téigh chuig suíomh gréasáin Bus Éireann chun tuilleadh eolais a fháil
  • Wexford Bus - tá réimse seirbhísí bus á chur ar fáil ag an gcuideachta bus seo idir Loch Garman, Port Láirge, Ceatharlach, Cathair Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Bhaile Átha Cliath.  Téigh chuig suíomh gréasáin Wexford Bus chun tuilleadh eolais a fháil
  • Local Link - cuireann Local Link seirbhís bus áitiúil ar fáil idir bailte agus sráidbhailte ar fud Chontae Loch Garman. Téigh chuig suíomh gréasáin Local Link chun tuilleadh eolais a fháil
  • Is féidir teacht ar sheirbhísí bus lasmuigh den bpríomhchríochfort

Ar an Traein

Is féidir taisteal ar an traein cois cósta an oirdheiscirt, ceann de na turais iarnróid is deise sa tír. Ón líne iarnróid seo, tá Cuan Chill Iníon Léinín agus Ceann Bhré le feiceáil agus téann an traein trí áit chónaithe Charles Stewart Parnell sa Chraobhach, Ráth Droma, Co. Chill Mhantáin.

Is é Iarnród Éireann a fheidhmíonn an líne iarnróid ó Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath chuig Europort Ros Láir. Tá suas go 5 sheirbhís fillte ar fáil gach lá. 

Tá stáisiún traenach Europort Ros Láir suite thart ar 7 nóiméad de shiúil na gcos ón gcríochfort. Níl le déanamh ach na comharthaí a leanúint!

Chun an t-eolas is déanaí a fháil maidir leis na tráthchláir iarnróid nó chun ticéid a chur in áirithe, téigh chuig www.irishrail.ie.