Skip to main content

Commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11th January 2024

As part of our Public Awareness Programme, we wish to advise of the commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11thJanuary 2024.  For more information please click this link

Saoráidí Calafoirt

Is féidir le Europort Ros Láir saoráidí cois cé a chur ar fáil agus a ghlacadh le haghaidh gach cineál soitheach agus lasta. Leis an bhfoireann inmheánach sciliúil ardoilte in Europort Ros Láir, is féidir saoráidí múrála, saoráidí forcardaitheora agus saoráidí Tugmaster a chur ar fáil. Féadaimid freastal ar bháirse buncaeireachta agus ar bhuncaeireacht tancaeirí bóthair agus is féidir úruisce a thabhairt ar bord freisin. Tá cheithre bheart sholúbtha againn faoi láthair, chomh maith le nascdhroichid dhá shraith agus rampaí inchoigeartaithe. Is calafort saor ó chúngú é Europort Ros Láir a mbaineann tairbhe bhreise leis a bheith ábalta talamh a chur ar fáil don tionscal iompair chun leantóirí a stóráil ar bhonn gearrthéarma.

Bearta agus Naiscdhroichid

Cuireann Europort Ros Láir saoráidí agus saineolas ar fáil do chuideachtaí loingseoireachta chun a chinntiú go láimhseáiltear earraí uile go réidh agus go héifeachtúil. Tá nascdhroichid dhá shraith agus céanna suas go 221 méadar ar fad. Tá gardaí ar snámh feistithe ar bheart a haon agus ar bheart a dó, agus tá gardaí rubair feistithe ar bheart a trí.

Buncaeireacht

Tá buncair ar fáil lena soláthar ar bord le Tancaer Bóthair nó le báirse buncaeireachta. Ar fáil trí Shocrú Príobháideach  

Seirbhísí Forcardaitheoirí & Tarracóirí

Tarracóirí Talmhaíochta ar fáil chun innealra agus tithe soghluaiste a tharraingt. Tá forcardaitheoir 9t ar fáil freisin.

Tugmaster

Tá 12 Tugmaster Kalmar agus Terberg sa chalafort. Tá na Tugmasters ábalta lódálaithe ísle ar a bhfuil feisteas crománach orthu a láimhseáil i gcás leantóirí MAFI.

Foireann Múrála

Cuirtear Oiliúint Sabháilteachta Cé maidir le hOibríochtaí Múrála ar bhaill foirne go léir a bhíonn ag déileáil le hOibríochtaí Múrála agus is cuid riachtanach iad den tseirbhís stíbheadóireachta a chuirtear ar fáil anseo.

Spás Stórála Gearrthéarma

  • 300 spás ar fáil do leantóirí neamhthionlactha  
  • Suas go 2,000 spás ar fáil d’fheithiclí trádála 
  • Spás stórála ar fáil do lomáin agus Bulclasta eile ar Ché na nIascairí 

Oibríocht Droichid Meáite

Tá dhá Dhroichead Meáite ar Airde Cábáin ann le haghaidh Tráchta Lasta uile os cionn 7 dtona.

Seirbhísí Uisce

Úruisce

Ar fáil i ngach Beart. Ráta thart ar 25t san uair

Seirbhísí Faoi Uisce

Ar fáil ó chonraitheoirí tumadóireachta áitiúla arna gceadú ag an Máistir Cuain.