Skip to main content

Commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11th January 2024

As part of our Public Awareness Programme, we wish to advise of the commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11thJanuary 2024.  For more information please click this link

Rolladh Ann-Rolladh As

Cuireann Europort Ros Láir réimse an-leathan seirbhisí ar fáil le haghaidh Lasta Róró a iompar. Agus breis agus 40 glao róró i gceist gach seachtain, is féidir linn seirbhís níos minice ná áiteanna eile a chur ar fáil, chomh maith le réitigh seirbhísí calafoirt oiriúnaithe a chur ar fáil freisin chun freastal ar riachtanais custaiméirí ar leith.

Tá Europort Ros Láir feistithe chun gach saghas earraí rollála a láimhseáil, chomh maith le hoibríochtaí Lóló Mafi. Sa chríochfort féin agus in aice leis, tá go leor tithe trádstórais d’athlódáil ar fáil ina soláthraítear seirbhísí stórála, pacála, sniogtha agus iompair intíre. Specialised and tailored RoRo facilities

Téann seirbhísí laethúla ó Europort Ros Láir go dtí an Ríocht Aontaithe trí Pembroke nó Fishguard. Cuirtear seirbhísí seachtainiúla ar fáil freisin go mór-roinn na hEorpa agus go díreach go dtí Cherbourg, Bilbao agus Roscoff. Déanann an gréasán náisiúnta bóithre agus iarnróid freastal maith ar an gcalafort agus tá rochtain iontach ón áit ar phríomhbhailte agus cathracha na hÉireann.

Ba bhreá linn do riachtanais ghnó a phlé leat agus réiteach saincheaptha a chur i bhfeidhm chun freastal a dheanamh ort. Déan teagmháil lenár  mBainisteoir Tráchtála  chun plé a dhéanamh ar na bealaí is féidir linn cabhrú le do ghnó, anois agus amach anseo.