Skip to main content

Commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11th January 2024

As part of our Public Awareness Programme, we wish to advise of the commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11thJanuary 2024.  For more information please click this link

Saoráidí do Phaisinéirí

Saoráidí Críochfoirt 

Tá ardán faoin aer in airde staighre sa chríochfort agus ón áit sin, is féidir breathnú ar longa ag teacht agus ag imeacht. Bí cinnte go mbeidh go leor ama agat taitneamh a bhaint as ár saoráidí sula dtéann tú ar bord do sheoladh.

Caifé - The Coffee Dock

Níl duine ar bith nár mhaith leo suí agus cupán caife nó deoch the nó deoch fhuar a ól nó sneaic bheag a ithe ar a sáimhín só sa chríochfort fíorálainn seo!  Tá Caifé againn freisin atá suite i ndiaidh an limistéir seiceáil isteach do thrácht gluaisteán agus lastais, le haghaidh uaireanta oscailte féach thíos.



Taisteal chuig/ó Europort Ros Láir

Déanann an gréasán náisiúnta bóithre agus iarnróid freastal maith ar an gcalafort agus tá rochtain iontach ón áit ar phríomhbhailte agus cathracha na hÉireann. Is féidir seirbhísí iompair phoiblí a rochtain go héasca agus an Críochfort Bus suite díreach lasmuigh den Chalafort agus an Stáisiún Traenach nach faide ná siúlóid 7 nóiméad.  

Láthair Feithimh

Tá na limistéir in airde staighre breá compordach agus tá go leor saoráidí agus ardán faoin aer ann freisin ónar breathnú ar longa agus báid farantóireachta ag teacht agus ag imeacht.

Rochtain Idirlín

Tá Wi-Fi saor in aisce ar fáil; níl le déanamh ach 'Rosslare Europort Wi-Fi’ a chuardach agus tú sa chríochfort agus sna limistéir shlána seiceála-isteach gluaisteán.

Peataí sa chalafort

Cuirtear fáilte roimh pheataí sa chríochfort ach ní mór súil a choinneáil orthu an t-am ar fad.

Leithris & Saoráidí Friothála ar Naíonáin

Tá leithris suite ar leibhéal na talún agus in airde staighre freisin sa phríomhchríochfort. Tá leithris d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí freisin suite ar gach leibhéal den chríochfort. Ar leibhéal na talún, tá cith ar fáil más gá. Tá seomra speisialta friothála ar naíonáin ar fáil ar an gcéad urlár. Tá na saoráidí ar fad sa chríochfort éasca le fáil le soilsiú síleála agus treoracha soiléire.

Garchabhair agus Dífhibrileoirí

Is ríthábhachtach sláinte agus sábháilteachta na ndaoine a thaistealaíonn tríd an gCalafort. Tá foireann oillte gharchabhrach ar an láthair in Europort Ros Láir chun cabhrú le daoine atá ag taisteal tríd an gcalafort a bhfuil cúram liachta de dhíth orthu. Tá dífhibrileoirí ar fáil freisin más gá