Skip to main content

Commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11th January 2024

As part of our Public Awareness Programme, we wish to advise of the commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11thJanuary 2024.  For more information please click this link

Máistirphlean Europort Ros Láir

Táimid ag tabhairt faoi mháistirphlean uaillmhianach faoi láthair chun an calafort a chur chun cinn ar mhaithe le tairbhe a bhaint as an réimse leathan deiseanna a chuirtear ar fáil mar thoradh ar shuíomh straitéiseach an chalafoirt. Faoin bplean seo, deanfar infheistíocht shuntasach i mbonneagar an chalafort agus ligfidh sé do réimse an lasta RóRó agus réimse an iompair paisinéirí a leathnú. Cuirfidh an máistirphlean an bonneagar riachtanach ar fáil chun na ceanglais cigireachta teorann atá ar tí tarlú a éascú, agus acmhainn mhéadaithe a chruthú ag an am céanna chun árdán den scoth a chur ar fáil chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna nua gnó a thiocfaidh chun cinn don chalafort.

Táimid sna céimeanna deireanacha den mháistirphlean, a chuimsíonn infheistíocht €25 milliún agus táthar ag súil go gcuirfear tús leis an tógáil roimh dheireadh na bliana seo. Caithfear thart ar €1.8 milliún gach bliain ar feadh na gcúig bliana atá romhainn ar athnuachan agus cothabháil ghinearálta. Caithfear €12.5 milliún eile ar bheart 3 agus 4 a leathnú ó 190m go 220m agus cuirfear isteach nascdhroichead dúbailte chun freastal ar longa fada agus soithí dhá shraith amach anseo. Caithfear €3.5 milliún eile ar an gcalafort a chumrú le haghaidh ceanglas amach anseo chun áit straitéiseach Europort Ros Láir a chinntiú amach anseo.

Mar chuid den phlean, caithfear thart ar €1.5 milliún ar Europort Ros Láir a dhigitiú agus a athrú chuig calafort cliste a bheidh in ann freastal ar riachtanais na hÉireann i ndiaidh Brexit ina cháil mar an calafort is cóngaraí do mhórthír na hEorpa. Áirítear leis sin córais um fheithiclí a shainaithint, córais um leantóirí a rianú, córais bainistíochta campúin agus córais um sheiceáil isteach/amach. Tá an plean seo tar éis deiseanna a shainaithint don chalafort chun an leas is fearr a bhaint as an acmhainn atá ar fáil, feabhas a chur ar éifeachtúlachtaí agus díriú ar earnálacha sonracha, agus na buntáistí a bhaineann le rochtain saor ó chúngú ar mhargaí na hEorpa agus na Ríochta Aontaithe a chur chun cinn ag an am céanna.

Déanfar saoráidí an chalafoirt a uasghrádú mar chuid de phleananna an rialtais chun na rialuithe custaim, ioncaim, talmhaíochta agus inimirce a thiocfaidh i bhfeidhm i ndiaidh Brexit a chomhlíonadh ar chaiteachas measta €45 milliún. Táthar ag féachaint le deiseanna iar-Brexit a aimsiú le calafoirt agus línte loingseoireachta sa Fhrainc agus san Ísiltír, tá bealach rochtana nua ar an gcalafort á phleanáil faoi láthair a chruthóidh nasc níos fearr leis an ngréasán bóithre atá ann cheana féin.


Rosslare Europort has announced plans to establish the port, its hinterland and the south-east region as Ireland’s Offshore Renewable Energy (ORE) Hub, with the potential to create up to 2,000 jobs. After a history making 2023 which saw Rosslare Europort become Ireland’s number one port for direct RoRo/Pax services to Europe, the port outlines its vision to become the Offshore Renewable Energy Hub of Ireland.   Investment plans for the port and its infrastructure include: - The port Masterplan and digitilisation - Permanent Border Control Post being developed by the OPW - The N25 Rosslare Europort Access Road - Development of the ORE hub. In total, €350 million is set to be invested.

Céim 1

Mar chuid de chéad chéim an mháistirphlean, déanfar na nithe seo a leanas: 

  • bóthar nua a dhéanamh timpeall ar imeall an chalafoirt
  • timpeallán nua a dhéanamh ag an mbealach isteach
  • fál slándála a chur timpeall ar imeall an chalafoirt
  • limistéar nua um lasta a sheiceáil isteach agus lárbhóthar rochtana dromlaigh a dhéanamh
  • Beidh an plean €1.5 milliún um dhigitiú ag rith i gcomhthráth le Céim 1.

Is féidir sciar mór den chéim tógála seo a dhéanamh gan cur isteach ar oibríochtaí reatha an Chalafoirt ós rud é go mbeidh an tógáil seo ar siúl ar an limistéar in aice leis an tsaoráid chalafoirt. Agus Céim 1 curtha i gcrích, beidh lasta in ann teacht isteach sa Chalafort trí leas a bhaint as an mbóthar agus timpeallán nua agus seiceáil isteach a dhéanamh ag an áit iontrála nua. 

Grianghra: Taoiseach Leo Varadkar and Glenn Carr, Director, Commercial Business Units

Céim 2

Nuair a bheidh Céim 1 curtha i gcrích, beidh an lasta go léir ag teacht isteach ar an mbóthar rochtana nua, timpeall go dtí an timpeallán thiar agus isteach chuig an gcalafort tríd an limistéar nua um lasta a sheiceáil isteach. Mar chuid d’oibreacha Chéim 2, áirítear na limistéir phábhála ón lárbhóthar rochtana nua chuig an gcé thuaidh, agus na limistéir le haghaidh bulcstórála, leantóirí easpórtála agus gluaisteán trádáil freisin. Nuair a bheidh na limistéir phábháilte seo curtha i gcrích, is féidir na limistéir stórála atá ann cheana a aistriú chun spás a dhéanamh do na Céimeanna atá fós le déanamh. Cuirfear Céim 2 i gcrích i gcéimeanna ionas gur féidir leanúint ar aghaidh le hoibríochtaí laistigh den chalafort lena linn.

Céim 3

Is éard atá i gceist leis an gcéim seo ná an t-athrú mórthimpeall ar na príomhlimistéir lódála agus dílódála ag na bearta. Téann sé in aon treo amháin ón gcríochfort go dtí na bearta agus ón timpeallán nua go Beart 1 sa treo eile. Is dóchúil go mbeidh roinnt codanna beaga le cur i gcrích i seicheamh chun an éifeacht ar oibríochtaí an chalafoirt a íosmhéadú. Ba iad na limistéir ba thábhachtaí le críochnú ná bearta in aice lena chéile agus seicheamhú gluaiseachta tráchta. Seo a leanas mórbhuntáistí Chéim 3:

Céim 4

Áirítear sa chéim dheireanach seo na limistéir chun na leantóirí iompórtála a stóráil, uasghrádú a dhéanamh ar an limistéar seiceála isteach gluaisteán, agus an fál daingean a chur i gcrích. Agus na céimeanna roimhe sin curtha i gcrích, beidh sciar mór den limistéar stórála leantóirí ar fáil le haghaidh tógála agus is le linn na n-athruithe ar an limistéar d’fheithiclí paisinéirí amháin a chuirfear isteach go mion ar oibríochtaí an Chalafoirt.

Glenn Carr,
Bainisteoir Ginearálta Europort Ros Láir

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an bplean, féach an nasc thíos a osclóidh doiciméad PDF - Máistirphlean Europort Ros Láir