Skip to main content

Commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11th January 2024

As part of our Public Awareness Programme, we wish to advise of the commencement of maintenance dredging at Rosslare Harbour on 11thJanuary 2024.  For more information please click this link

Eolas do Phaisinéirí maidir le hInrochtaineacht

Cúnamh do Dhaoine a bhfuil a Soghluaiseacht Laghdaithe agus Bealach Isteach do Chathaoireacha Rothaí

Má tá cúnamh ag teastáil uait in Europort Ros Láir, bí cinnte go ndéanann tú teagmháil le d’oibritheoir farantóireachta roimh thaisteal chun na socruithe iomchuí a dhéanamh. Tógfaidh do chuideachta farantóireachta an fhaisnéis riachtanach go léir uait maidir leis an cúnamh a bheidh uait. Cuirfidh lucht na cuideachta ár bhfoireann ar an eolas sula sroichfidh tú an calafort lá do sheolta. I measc na saoráidí sa chalafort, tá:

  • Mionbhus speisialta chun cabhrú le húsáideoirí cathaoireacha rothaí, leo siúd a bhfuil a soghluaiseacht laghdaithe agus lena gcompánaigh dul ar bord loinge
  • Tá saoráidí leithris do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil ar fud an chalafoirt
  • I gcarrchlós an chalafoirt tá spásanna páirceála ar leith le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaiseacht laghdaithe, agus tá spásanna páirceála breise ina aice leis an bpríomhchalafort.
  • Cuirtear fáilte i gcónaí roimh mhadraí treorach agus madraí cuidithe.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan na leathanaigh shonracha ar shuíomh gréasáin d’oibritheora farantóireachta a sheiceáil.

Ag Taisteal ar an Traein

Más mian leat taisteal ar an traein agus má tá cabhair uait maidir le conas taisteal chuig/ó Stáisiún Traenach Europort Ros Láir, déan teagmháil linn mar seo a leanas:

Geallann Iarnród Éireann gach iarracht réasúnta a dhéanamh chun a chinntiú gur féidir le paisinéirí faoi mhíchumas suíochán a fháil ar bord traenach. Is féidir suíocháin a chur in áirithe ar www.irishrail.ie

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait maidir le taisteal ar an traein agus cúrsaí inrochtaineachta, téigh chuig Iarnród Éireann - Inrochtaineacht na dTraenacha

Gearáin nó Aiseolas

Más mian leat gearán a chlárú faoin Acht um Mhíchumas, 2005 déan teagmháil le access@irishrail.ie