Rosslare Europort Masterplan
We are working to transform Rosslare Europort, to improve your port and your facilities. While planning your trip please be aware that there are changes to the port layout and parking facilities. Please allow sufficient time before your departure to familiarise yourself of the changes. We apologise for the inconvenience during these essential works.
Amach ón gCósta
Is calafort den scoth é Europort Ros Láir ó thaobh an tionscail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt. Níl ár gcalafort ach 70 muirmhíle ón áit a bhfuil sé beartaithe feirm ghaoithe 8.6GW a fhorbairt amach i Muir na hÉireann. Tá an saineolas, an t-eolas, an talamh agus na scileanna iomchuí ar fáil in Europort Ros Láir chun an tionscadal fuinnimh gaoithe a éascú toisc go raibh Europort Ros Láir páirteach cheana féin i gcur le chéile luath feirmeacha gaoithe i Muir na hÉireann le blianta beaga anuas.
Agus beart ar leith ann chomh maith le campún slán, tá deis iontach ag custaiméirí leas a bhaint as Europort Ros Láir chun críche cóimeála, cothabhála, suiteála, seirbhísithe agus mar mhol stórála. Cuirimid limistéir stórála ar fáil, idir limistéir faoi dhíon agus limistéir faoin aer, is féidir a úsáid le haghaidh cóimeála ar an láthair. Is féidir iompar trom agus craenacha a eagrú freisin. Leis an mbóthar rochtana, an cúlsoláthar talún agus na saoráidí cé, chomh maith leis an taithí atá againn cheana féin san earnáil seo, is ardán iontach é Europort Ros Láir don tionscal seo amach anseo.
Ba bhreá linn do riachtanais ghnó a phlé leat agus réiteach saincheaptha a chur i bhfeidhm chun freastal a dhéanamh ort. Déan teagmháil lenár mBainisteoir Tráchtála chun plé a dhéanamh ar na bealaí is féidir linn cabhrú le do ghnó, anois agus amach anseo .