Rosslare Europort Masterplan
We are working to transform Rosslare Europort, to improve your port and your facilities. While planning your trip please be aware that there are changes to the port layout and parking facilities. Please allow sufficient time before your departure to familiarise yourself of the changes. We apologise for the inconvenience during these essential works.
Saoráidí do Phaisinéirí
Saoráidí Críochfoirt
Tá ardán faoin aer in airde staighre sa chríochfort agus ón áit sin, is féidir breathnú ar longa ag teacht agus ag imeacht. Bí cinnte go mbeidh go leor ama agat taitneamh a bhaint as ár saoráidí sula dtéann tú ar bord do sheoladh.
Caifé - The Coffee Dock
Níl duine ar bith nár mhaith leo suí agus cupán caife nó deoch the nó deoch fhuar a ól nó sneaic bheag a ithe ar a sáimhín só sa chríochfort fíorálainn seo! Tá Caifé againn freisin atá suite i ndiaidh an limistéir seiceáil isteach do thrácht gluaisteán agus lastais, le haghaidh uaireanta oscailte féach thíos.
Taisteal chuig/ó Europort Ros Láir
Déanann an gréasán náisiúnta bóithre agus iarnróid freastal maith ar an gcalafort agus tá rochtain iontach ón áit ar phríomhbhailte agus cathracha na hÉireann. Is féidir seirbhísí iompair phoiblí a rochtain go héasca agus an Críochfort Bus suite díreach lasmuigh den Chalafort agus an Stáisiún Traenach nach faide ná siúlóid 7 nóiméad.
Láthair Feithimh
Tá na limistéir in airde staighre breá compordach agus tá go leor saoráidí agus ardán faoin aer ann freisin ónar breathnú ar longa agus báid farantóireachta ag teacht agus ag imeacht.
Rochtain Idirlín
Tá Wi-Fi saor in aisce ar fáil; níl le déanamh ach 'Rosslare Europort Wi-Fi’ a chuardach agus tú sa chríochfort agus sna limistéir shlána seiceála-isteach gluaisteán.
Peataí sa chalafort
Cuirtear fáilte roimh pheataí sa chríochfort ach ní mór súil a choinneáil orthu an t-am ar fad.
Leithris & Saoráidí Friothála ar Naíonáin
Tá leithris suite ar leibhéal na talún agus in airde staighre freisin sa phríomhchríochfort. Tá leithris d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí freisin suite ar gach leibhéal den chríochfort. Ar leibhéal na talún, tá cith ar fáil más gá. Tá seomra speisialta friothála ar naíonáin ar fáil ar an gcéad urlár. Tá na saoráidí ar fad sa chríochfort éasca le fáil le soilsiú síleála agus treoracha soiléire.
Garchabhair agus Dífhibrileoirí
Is ríthábhachtach sláinte agus sábháilteachta na ndaoine a thaistealaíonn tríd an gCalafort. Tá foireann oillte gharchabhrach ar an láthair in Europort Ros Láir chun cabhrú le daoine atá ag taisteal tríd an gcalafort a bhfuil cúram liachta de dhíth orthu. Tá dífhibrileoirí ar fáil freisin más gá
Eolas do Phaisinéirí
Cabhair ó thaobh Inrochtaineachta de
Má tá cúnamh ag teastáil uait in Europort Ros Láir, bí cinnte go ndéanann tú teagmháil le d’oibritheoir farantóireachta roimh thaisteal chun na socruithe iomchuí a dhéanamh. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan na leathanaigh shonracha ar shuíomh gréasáin d’oibritheora farantóireachta a sheiceáil.
Seirbhísí Loingseoireachta
Eolas maidir le báid farantóireachta ag feidhmiú as/chuig Ros Láir
Páirceáil
Eolas maidir le gluaisteán a pháirceáil in Europort Ros Láir.