Rosslare Europort Masterplan
We are working to transform Rosslare Europort, to improve your port and your facilities. While planning your trip please be aware that there are changes to the port layout and parking facilities. Please allow sufficient time before your departure to familiarise yourself of the changes. We apologise for the inconvenience during these essential works.
Eolas do Thurasóirí
Europort Ros Láir - An Tairseach chuig Oirdheisceart na hÉireann
Is tairseach chuig Oirdheisceart na hÉireann agus Oirthear Ársa na hÉireann é Europort Ros Láir. Níl Loch Garman ach 20 nóiméad sa ghluaisteán ó Ros Láir agus tógfaidh sé thart ar uair an chloig Cathair Phort Láirge a bhaint amach. Tá a lán le feiceáil agus le déanamh sa cheantar seo ...bainigí sult as! Áirítear in Oirthear na hÉireann Co. Cheatharlach, Co. Chill Chainnigh, Co. Thiobraid Árann, Co. Phort Láirge agus Co. Loch Garman agus cuireann an réigiún seo an-chuid rudaí ar fáil do chách. Ó shéadchomharthaí stairiúla go caisleáin ársa, ó mhúsaeim go bealaí iontacha rothaíochta agus siúlóide, tá go leor leor le déanamh in Oirdheisceart na tíre. Agus bialanna agus tithe tabhairne iontacha ann, tá rud éigin ann chun gach duine a shásamh. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hOirdheisceart na hÉireann agus chun moltaí a fháil maidir leis na rudaí atá le déanamh agus le feiceáil ann, téigh chuig na naisc thíos.
An tOirdheisceart Grianmhar i 5 lá!
Cad mar gheall ar chuairt shaincheaptha 5 lá a thabhairt ar chóstaí áille, nithe ársa is díol spéise agus gairdíní iontacha Oirdheisceart na hÉireann? Tá ár gcairde in Ireland.com tar éis roinnt smaointe a chur le chéile maidir leis na rudaí atá le déanamh agus le feiceáil ann!
Ag tosú amach in Europort Ros Láir de réir an chúrsa taistil mholta, áirítear Cé na Cille Móire, Baile Loch Garman, Cathair Phort Láirge, Cathair Chill Chainnigh, Carraig Phádraig, Gairdíní Altamount i gCeatharlach, Gleann Dá Loch, Abhóca, ag críochnú ar thrá Churrach Cló atá le feiceáil sa scannán Saving Private Ryan.
Oirthear Ársa na hÉireann
Más mian leat dul níos faide ar aghaidh, tá go leor leor roghanna agat in Oirthear Ársa na hÉireann. Áirítear in Oirthear Ársa na hÉireann an limistéar lasmuigh de Bhaile Átha Cliath soir ón tSionainn, ó Chairlinn do dtí an Cabháin agus ó dheas go Corcaigh. Áirítear ann freisin oirthear Chontae Chorcaí agus Luimneach. Is féidir le cuairteoirí 5,000 bliain staire a bhlaiseadh agus iad ag taisteal ó Chnoc ársa na Teamhrach go dtí an tuama pasáiste Neoiliteach i mBrú na Bóinne, nó chuig na lonnaíochtaí mainistreacha i gCluain Mhic Nóis agus Gleann Dá Loch nó chuig lonnaíochtaí Lochlannacha nó Normannacha.
Eolas do Thurasóirí
Chun eolas a fháil maidir le hOirdheisceart na hÉireann nó chun cuairt a thabhairt ar cheantair eile in Éirinn, féach ar na naisc thíos.
Oirdheisceart na hÉireann
Agus Co. Loch Garman, Co. Phort Láirge, Co. Chill Chainnigh, Co. Cheatharlach agus Co. Thiobraid Árann sa réigiún seo, tá neart le feiceáil agus le déanamh in Oirdheisceart Grianmhar na hÉireann!
Turasóireacht Éireann
Chun eolas a fháil maidir le taisteal timpeall na tíre, féach ar shuíomh gréasáin Turasóireacht Éireann.
Slí an Atlantaigh Fhiáin
Tabhair cuairt ar an mbealach cósta iontach seo, Slí an Atlantaigh Fhiáin, áit a bhfuil 2,500km le taisteal agus cuairt á tabhairt ar na háiteanna is fearr in Iarthar na hÉireann.